SEO LINN OFFICIAL MERCHANDISE 👉 www.seolinn.co...
V1
D’aghaidh… do m’ bhriseadh aríst
Ag múscailt ‘dubh ‘s geal’ an tseala seo
Ag breith ar mo chroí
D’anam… mar leabhar im lámh
‘s dhá mhéad a imíonn chuile threo ó m' shúile
‘sea is cinnte mo chás
C
Is ón oíche a thagann soilsiú ‘n lae
Bhí mé chomh tuirseach inné
Anois is eol dom mo bhealach
Ach teastaíonn tú
Níl mé chomh láidir liom féin
Ní choinneoidh an cath seo siar mé
Is liomsa mo shaol
V2
Ar aghaidh, ag trasnú tonn
An ghaoth leis an bhfuinneog ag tochailt ar mo chinn
croí - caite ‘s lom
Ná tarraing siar mé - mé ag treabhadh liom
‘Se in am a’am casadh aríst,
Ar an mbóthar atá romham
C
Is ón oíche a thagann soilsiú ‘n lae
Bhí mé chomh tuirseach inné
Anois is eol dom mo bhealach
Ach teastaíonn tú
Níl mé chomh láidir liom féin
Ní choinneoidh an cath seo siar mé
Is liomsa mo shaol
DROICHEAD
C
Is ón oíche a thagann soilsiú ‘n lae
Bhí mé chomh tuirseach inné
Anois is eol dom mo bhealach
Ach teastaíonn tú
Níl mé chomh láidir liom féin
Ní choinneoidh an cath seo gan mé
Is liomsa mo shaol
Scríofa ag: Seo Linn
Taifeadta/measctha ag: James Darkin (Black Mountain Studios)
Máistrithe ag: Pete Maher
Негізгі бет Seo Linn - Soilsiú an Lae (Lyric Video/Físeán Liricí)
Пікірлер: 83